Cláraigh anseo lenár nuachtlitir a fháil!

Céard a dhéanann muid…

Is eagraíocht í Scoil Acla a chuireann na healaíona traidisiúnta chun cinn agus a thacaíonn le healaíontóirí i rith na bliana ar Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo. Buaicphointe na bliana ná ár Scoil Samhraidh Bhliantúil a bhíonn ar siúl ar feadh seachtaine i mí Iúil agus a mheallann na céadta mac léinn, teagascóirí agus ealaíontóirí go hAcaill. Bunaíodh an chéad Scoil Samhraidh in 1910, agus tá an ócáid á reáchtáil gach bliain in Acaill ag ár gcoiste deonach ó athsheoladh í in 1985 – suas go dtí 2020 nuair a bhí orainn dul in oiriúint do shrianta na paindéime COVID-19 agus an ócáid a reáchtáil ar líne ar feadh dhá bhliain.

Turais &
Taispeántais

An grúpa turais, scoil nó coláiste sibh? Ar mhaith libh eolas a fháil faoi Cheol Traidisiúnta na hÉireann i suíomh spraíúil agus suaimhneach i gceann de na háiteanna is áille ar domhan? – Fág faoi Scoil Acla é! Tá léachtaí tugtha againn ar an stair áitiúil, ar ár gcultúr ceoil agus ar an chaoi a ndéantar uirlisí ceoil.

Déan teagmháil linn inniu, le tuilleadh eolais a fháil!


Ranganna Ceoil Áitiúila

Bíonn ár ranganna áitiúla ar siúl i rith an fhómhair, an gheimhridh agus ar aghaidh do dtí an t-earrach! I Scoil Acla, creidimid sa seanfhocal “Mól an óige agus tiocfaidh sí”. Cúis bhróid dúinn é gur mhúin muid uirlisí éagsúla do na céadta de mhuintir na háite thar na blianta, idir an fheadóg stáin, an chonsairtín, an giotár agus an bosca ceoil – do dhaoine fásta & do pháistí araon!

Samhraidh
Scoil

Is í scoil samhraidh bhliantúil Scoil Acla buaicphointe na bliana gan dabht. Foghlaim ó scoth na gceoltóirí in Éirinn, glac páirt i seisiún, foghlaim roinnt ealaíne, beagán Gaeilge nó freastail ar cheann den iliomad ceolchoirmeacha agus ceadal. Tá rud éichint ann do gach duine agus iad ag baint taitnimh as áilleacht Oileán Acla!

Craobh de Chomhaltas

Is cúis bhróid do Scoil Acla bheith mar chraobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ).

 is é Comhaltas Ceoltóirí Éireann an grúpa is mó ina bhfuil baint acu le caomhnú agus cur chun cinn cheol traidisiúnta na hÉireann.

Is gluaiseacht chultúrtha neamhbhrabúis muid a bhfuil na céadta craobhacha áitiúla againn ar fud an domhain.

Tríd na Glúnta | Trí na Glúnta

2021
Bunaíodh
2021
Athbheochan
0
Mic léinn a mhúineadh

Nuacht Scoil Acla is déanaí

The highly anticipated Scoil Acla Summer School returns to Achill Island from July 28th to August 3rd, 2024. This year's festival promises to be yet another remarkable celebration of traditional Irish music, culture, language and heritage, attracting enthusiasts from near and far.
Tá deireadh na bliana buailte linn arís agus […]
The launch of a new 10-track album "Chongie Road" by local Achill musician, Séan Lynch is set to take place at the Wavecrest Hotel, Dooagh, Achill on Saturday, September 23rd.
Coiste Scoil Acla a fhógairt go mbeidh maestro na fidle, Fergal Scahill, páirteach i Scoil Samhraidh Scoil Acla i mbliana mar Ealaíontóir Cónaithe.

Gabhann muid buíochas ó chroí lenar ngníomhaireachtaí maoiniúcháin & ár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta.