Acaill, tír na móinte s’ sléibhte, Banríon na nOileán, buan is saor, Breactha thart le loch is tobar, Ag rith i dtreo na farraige síos.

Tá Oileán Achill suite amach ó chósta thiar na hÉireann, i gContae Mhaigh Eo. Is é an t-oileán is mó amach ó chósta na hÉireann é, ag síneadh timpeall 15 míle ón oirthear go dtí an t-iarthar agus 11 mhíle ón tuaisceart go dtí an deisceart.

Tá sé ceangailte leis an mórthír le droichead a ainmníodh i ndiaidh Mhíchíl Mhic Dháibhéid- feachtasóir sóisialta Éireannach ón 19ú haois, Finíneach, agus bunaitheoir Chonradh na Talún-a d’oscail go hoifigiúil é in 1887. Tá cáil ar Acaill mar gheall ar a thírdhreach iontach agus tá sléibhte, lochanna, talamh portaigh, tránna gan mhilleadh agus aillte arda i measc cuid na radharcanna atá ag fanacht leat ar an oileán. Tá radharc a bhainfeadh an anáil díot timpeall gach coirnéal agus ní fada go mbíonn cuairteoirí ar Acaill faoi gheasa ag an aer úr, ag na radharcanna iontacha agus ag muintearas agus féile na ndaoine ann.

Is iomaí ealaíontóir agus scríbhneoir a mealladh go hAcaill mar gheall ar an áilleacht ar leith agus an blas den seansaol atá le fáil ann. Ina measc seo, bhí na péintéirí Paul Henry, Charles Lamb, Derick Hill, Robert Henri agus an t-údar a bhuaigh Duais Nobel na Gearmáine, Heinrich Boll.

Tá réimse leathan gníomhaíochtaí do dhaoine a théann ar laethanta saoire ann lena n-áirítear cnocadóireacht, snámh, rothaíocht, spóirt uisce, tumadóireacht, iascaireacht agus galf ina measc. Le haghaidh tuilleadh eolais ar rudaí le déanamh agus le feiceáil ar Oileán Acla téigh go dtí www.AchillTourism.com