Is cúis bhróid do Scoil Acla bheith mar chraobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ).
Is é Comhaltas Ceoltóirí Éireann an grúpa is mó a dhéanann cúram de chaomhnú agus de chur chun cinn cheol traidisiúnta na hÉireann. Gluaiseacht chultúrtha neamhbhrabúis atá ionainn agus tá na céadta craobhacha againn ar fud an domhain. Mar a léifidh tú i stair na gluaiseachta, tá muid ar an bhfód, ag obair chun leasa cheol na hÉireann, le 50 bliain agus le cois. Tá borradh nua faoin ngluaiseacht agus muid sna blianta luatha d’aois nua.
CAD A DHÉANANN MUID
De bhrí go gciallaíonn Comhaltas an oiread sin rudaí difriúla do dhaoine difriúla, is deacair uaireanta súil a choimeád ar gach ceann dár n-imeachtaí! B’fhéidir go raibh baint agat le hócáid a reachtáil Comhaltas roimhe seo agus nárbh eol duit é!
Má tá tú ag foghlaim an cheoil Ghaelaigh, seans go mbeidh cur amach agat ar na ranganna ceoil, damhsa agus Gaeilge a rithimid tríd an ngréasán craobhacha. Más spéis leat an ceol a fhoghlaim, b’fhéidir gur mhaith leat a fháil amach cé acu de na 1,000 ranganna seachtainiúla is gaire duitse.
Más ceoltóir thú a dtaitníonn sé leat a bheith ag seinm le daoine eile, b’fhéidir gur mhaith leat teacht ar sheisiún ceoil áitiúil de chuid Chomhaltais. Agus muna bhfuil tú cinnte cad d’oirfeadh duit, bheadh fáilte romhat teacht agus éisteacht.
Téann grúpaí turais ar chamchuairteanna bliantúla ag cur ceol, damhsa agus scéalaíocht na hÉireann ar fáil do phobail ar fud an domhain.
Is muide chomh maith a reachtálann an córas deifnídeach sin de chomórtais sa cheol Gaelach ar a dtugtar an Fhleadh Cheoil (a chiallaíonn ‘féasta ceoil’ i ndáiríre). Téann ceoltóirí san iomaíocht i sraith de bhabhtaí cáiliúcháin, as a leanann Fleadh Cheoil na hÉireann, an comórtas bliantúil uile-Éireann.
Tá na mílte uair an chloig de cheol taifeadta ar fáil sa chartlann s’againne mar aon le bailiúchán mór d’ábhar clóite agus cnuasach físeán atá ag fás i gcónaí. Tá samplaí de chuid den ábhar seo le fáil ar an roinn Ceoil dár láithreán gréasáin.
Foilsímid taifeadtaí, leabhair agus seisiúin teagaisc sa siopa s’againne de cheol traidisiúnta na hÉireann chun é a chur chun cinn. B’fhéidir gur mhaith leat éisteacht le dreas ceoil sa siopa s’againne.
ÁIT A BHFUIL MUID
Is gluaiseacht idirnáisiúnta muid lenár gceanncheathrú i mBaile Átha Cliath, Éire. Bheadh fáilte romhat bualadh isteach chugainn i gCultúrlann na hÉireann, nó cuairt a thabhairt ar chraobh Comhaltas áitiúil gar don áit a bhfuil tú i do chónaí.
Tá teagmháil ag Comhaltas le pobail áitiúla timpeall na hÉireann freisin mar gheall ar ár nIonaid Réigiúnacha.