Na Chéad Chéimeanna
We have built ourselves a much needed Gaelic Hall, and in a month’s time we hope to open a little Summer School for Irish. I think that is quite respectable for a little Branch that is hardly a year old yet…”
– Emily Weddall, duine de bhunaitheoirí Scoil Acla i litir chuig An Claidheamh Soluis i 1910
Sa deich mbliana dheireanacha den naoú haois déag agus tús an fichiú haois tar éis bhunú Chonradh na Gaeilge ag Dubhghlas de hÍde, chonacthas athbheochan sa spiorad náisiúnta. Bhí páirt ag Acaill sa ghluaiseacht seo. Bhunaigh cuid de cheannródaithe na gluaiseachta seo craobh Ghráinne Mhaol (a ainmníodh i ndiaidh Ghráinne Ní Mháille, Banríon na bhFoghlaithe Mara as Mhaigh Eo) de Chonradh na Gaeilge in Acaill as a d’eascair Scoil Acla i 1910.
Scoil a bhí ann do mhúineadh na Gaeilge, do theagasc na Píobaireachta (Píobaí an Chogaidh) agus do chur chun cinn an cheoil, an damhsa, na hamhránaíochta agus an chultúir i gcoitinne. Chomh maith le ranganna Gaeilge labhartha agus scríofa, bhí damhsa agus gníomhaíochtaí spóirt ar an chlár agus gealladh ‘radhanna dósháraithe’ lena chois sin.
"A remarkable success”
Bhí tuairisc i bpáipéar seachtainiúil Chonradh na Gaeilge “An Claidheamh Soluis” ar scoil samhraidh 1911 inar luaadh an méid seo “The Achill Summer School has been closed for this year. It was small but in every way a remarkable success.
Its promoters claim that it has accomplished all that they had hoped from its institution. It has turned the tide of Anglicisation. It has been a pure well of Gaelic spirit and enthusiasm in an arid and neglected district. It has refreshed and renewed all who have had the happiness to visit it. Its good work has made itself felt all over the country side. Next year it will open with a reputation already made.”
Paul Henry & Scoil Acla
” …perhaps the most influential landscapist in twentieth-century Ireland, a naturalist and romantic at heart, Paul Henry painted the west of Ireland landscape in every mood and colouring, and captured its essence.“
D’fhas cairdeas idir Henry agus bunaitheoir Scoil Acla Emily Weddall agus i 1912, mar bhall gníomhach de Scoil Acla, stiúraigh sé an dráma “Casadh an tSúgáin” le hiar-Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde i Halla na Scoile i nDumhach Acha.
Shocraigh sé féin agus a bhean, Grace, ar phéintéir í freisin, isteach i saol an oileáin le cúnamh ó Emily, ar chuir Henry síos uirthi mar “bean a bhí lán le díograis”. Ba í an duine a chuir in aithne do mhuintir na háite é mar a mheabhraigh sé blianta fada ina dhiaidh sin;
“I had made the acquaintance of Mrs. Weddall, the widow of a sea captain. She introduced me to the people and initiated me into many of the ways peculiar to the island"
Bhí cuimhne ghlinn aige ar a bheith ag stróiceadh a thicéad fillte go Londain “the currents of life had carried me to this remote spot, and there seemed no current strong enough to carry me away…I made another of my quick decisions, which I never regretted and taking my return ticket to London out of my pocket tore it into small pieces and scattered the fragments into the sea which foamed round the rocks of Gubalennaun.”
(Maria Gillen, www.emilyweddall.com)
An Athbheochan i 1985
"Impímis, A Thiarna, A Athair uilechumhactaí shíoraí, do bheannacht a bhronnadh ar an mbrat sinsearach. Tabhair don lucht leanúna atá cruinnithe anseo, spiorad agus dóchas go mbeidh ceol, cultúr, tráidisiún Gaelach buan, agus seasmhach ins na blianta atá ag teacht. Beannaigh na tuismitheoirí agus a n-iarrachtaí ar son Scoil Acla agus gach éinne a raibh baint ar bith acu eis. A Thiarna, A Íosa Chríost, a Mhac a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol”
– An tath. John Cosgrave ag cur a bheannachta ar bhrat Scoil Acla, 1985
Chabhraigh na focail seo le Scoil Acla a thiomáint ón tús simplí sin go dtí an cháil idirnáisiúnta atá tuillte aici anois. Cé go bhfuil go leor scríofa faoi bhunaitheoirí Scoil Acla i 1910- a gcúlraí, a n-ardmhianta agus a n-inspreagadh maidir le bunú gluaiseachta a mhairfeadh breis is céad bliain, céard faoi na daoine stuama sin a d’oibrigh chun eagraíocht a bhí beagnach imithe isteach in annála na staire a athbheochan? De bharr a gcuid iarrachtaí, reáchtáladh Scoil Acla 1985, tráth a ghlac daoine óga na háite na chéad chéimeanna ar aistear ceoil atá tar éis dul chun sochair an oiread sin daoine ó shin i leith.
Tá creidiúint ag dul do cheathrar a raibh an fhís acu, as a dtiomantas agus as a ndíogras sna laethanta luatha chun an tionscadal a bhrú ar aghaidh: Tomás ‘The Boley’ Mac Conmara, Seán ‘Twin’ Mac Conmara, Máire Mhic Conmara agus an tAth. Seán Cosgrave. Chuir gach duine acu, ar iliomad cúiseanna pearsanta, bonn faoi ghluaiseacht bhfuil a cuid torthaí le sonrú go háitiúil sa lá atá inniu ann. Cé nach bhfuil duine ar bith acu tugtha don fhéinmholadh, tá a n-ionchar agus a dtiomántas tar éis forbairt na heagraíochta a chumasú agus a chinntiú go dtí an lá atá inniu ann.
Thosaigh an múinteoir ceoil aitheanta, Paddy Ryan as Ros Comáin ag teagasc le dáréag mac léinn óga ar fhidleacha a cheannaigh Tommy Robinson as Béal Feirste go sciobtha ar an lá. Thug Sean Mac Conmara teagasc don chuid eile san fheadóg stáin agus san fheadóg mhór.
Bhí go leor d’aidhmeanna na chéad scoile i gceist in athsheoladh 1985, na cinn seo ina measc:
- Staid na teanga sa cheantar a scrúdú agus í a chur chun cinn
- Ardchaighdeán a bhaint amach sa cheol traidisiúnta agus sa damhsa seit
- Seimineáir a eagrú ar stair, geolaíocht agus seandálaíocht an cheantair
- Léamha filíochta a reáchtáil
- Scríobh amhrán agus filíocht áitiúil a chur chun cinn
- Staidéar a dhéanamh ar fhorbairt shóisialta an cheantair
- Na healaíona a chur chun cinn go ginearálta