Ár mBunaitheoirí
Francis Hugh Power "An Paorach" 1879 – 1955
Rugadh Francis Hugh Power ar an 27 Eanáir 1879 in Plymouth, Sasana. Bhí sé ar an duine ba shine de 9 páistí. Ba as Corcaigh a athair, William Power, a bhí ina chaptaen longa agus níos déanaí ina oifigeach custaim. Creidtear gurbh Albanach a mháthair, Julian Marian Walker.
I rith a chuid scolaíochta bhí sé ar fheabhas ag na teangacha. Mar a rinne a athair roimhe chuaigh sé chun farraige. Agus é ar aistear fada, léigh sé leabhar gramadaí Gaeilge, rud a spreag suim mhór ann i gcultúr na hÉireann agus sa teanga go háirithe. I 1907 fuair sé post leis an London Schools Board agus ba ansin a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus conas na píobaí a sheinm. Le linn dó a bheith i Sasana, chuaigh sé le craobh de Chonradh na Gaeilge agus bhí sé ina bhall an-ghníomhach. Rinne sé cinneadh filleadh ar Éirinn agus chláraigh sé i gcoláiste oiliúna De La Salle i bPort Láirge chun staidéar a dhéanamh ar mhúinteoireacht. Cáilíodh é agus rinneadh ‘muinteoir taistil’ de i dTiobraid Árann. Bhog sé go hAcaill agus go gairid ina dhiaidh agus sin ghlac sé le post múinteoireachta ar Acaill Bheag.
I measc na spéiseanna iomadúla a bhí aige agus a roinn sé lena dhaltaí, bhí snámh, karate, táiplis mhór, ficheall agus ceol. Ba sheoltóir díograiseach cumasach é agus mhúin sé do go leor daoine óga conas bád a sheoladh.
homh maith le hoideachas ar ardchaighdeán a chur ar dhaoine áitiúla, ghlac sé páirt i mbunú Scoil Acla chun an Ghaeilge agus gach rud cultúrtha a chur chun cinn agus a mhúineadh. Mhúin sé an Ghaeilge, an phíobaireacht, an amhránaíocht agus an damhsa sa scoil.
I 1922 d’fhág sé Acaill agus go gairid ina dhiaidh sin phós sé Máire Tighe as Achadh Mór Co. Mhaigh Eo. Bhí beirt iníonacha acu. Creidtear gur mhúin sé ar feadh tamaill ghairid sa Mhala Raithní agus sa Leithcheathrú sular ceapadh ina phríomhoide é ar Scoil Náisiúnta na Coille Móire i mBaile Uí Fhiacháin.
I 1944 bhog sé go Gaillimh agus ghlac sé le post ag múineadh Gaeilge i gColáiste na nÍosánach. Chuaigh sé ar scor faoi dheireadh i 1954, in aois 75. Fuair sé bás go luath ina dhiaidh sin agus tá sé curtha i Reilig Rathúin, Gaillimh.
Anita McMahon
Iriseoir a rugadh i gCorcaigh ab ea Anita McMahon. D’oibrigh sí i Fleet Street i Londain. Tháinig sí go hAcaill in 1911 chun Gaeilge a fhoghlaim i Scoil Samhraidh Scoil Acla, áit a ndearna sí cairdeas le Mrs Weddall, Tomás Ó Raghallaigh agus na bunaitheoirí eile.
A bhuíochas dá cumas iriseoireachta, bhíodh sí an-ghníomhach in aird a tharraing ar bhochtaineacht na ndaoine áitiúla le linn a ré in Acaill. D’éirigh léi fiú a chur ina luí ar an Ard-Easpag go raibh gá le Mná Rialta na Toirbhirte a theacht go hAcaill Íochtar agus tús a chur lena misean. Scríobh sí go rialta don “Mayo News” agus tháinig toradh ar a feachtas sa bhliain 1919 nuair a tháinig na mná rialta go dtí an Caol. D’fhan siad i dteach Mrs Weddall ar dtús. Mar thoradh air sin, tógadh an Clochar sa Chaol in 1932 faoi mhaoirseacht an Athar Caomhánach. Nuair a d’fhág Ordú na Toirbhirte an Caol in 1988, léasaíodh an clochar ar ráta an-íseal ar fad don phobal agus an toradh a bhí air sin ná bunú Ionad Naomh Colmáin chun cúram lae a sholáthar do sheandaoine an cheantair.
Bhí baint mhór ag Anita agus na bunaitheoirí eile go léir an leis an ghluaiseacht náisiúnta. Bhí sí ina ball de Chumann na mBan agus bhí sí an-ghníomhach i gcur chun cinn gach gné de chultúr na hÉireann. In éineacht le baill eile de bhunaitheoirí Scoil Acla chuir siad suas leacht i gcuimhne an Athar Manus Sweeney, a bhí ina thírghráthóir, sa bhliain 1798, i nDumha Cinn Aille sa bhliain 1944.
Bhronn sí fidil mar bhronntanas bainise ar Thomás Mac Pháidín, ar an Chrompán sa Chaol. Go dtí an lá atá inniu ann tá sé fós ina earra an-luachmhar ag an teaghlach Mhic Pháidín.
Cuimhnítear go fonnmhar uirthi i bpobal Acla mar ‘Auntie McMahon’.
Charlie Barrett – 1887 – 1979
Rugadh Charlie Barrett sa Chaol, Oileán Acla sa bhliain 1887. Bhí sé ar dhuine de sheachtar clainne a rugadh do Michael Barrett agus Bridget Lavelle. Bhí a sheanathair Charlie Barrett díshealbhaithe óna theach cónaithe i nDúgort agus bhog sé go Caol roimh an ngorta sa bhliain 1845.
Bhí Charlie ina mhúinteoir i scoil Dhumha Acha agus ghlac sé páirt i mbunú Scoil Acla i 1910. Bhí a athair Michael ina mhúinteoir roimhe sin. D'fhág Charlie Acaill agus i 1919, phós sé Bridget McLoughlin arbh as gar do Mainistir na Búille i gCo. Ros Comáin di. Chuir siad fúthu i Learpholl áit a raibh Charlie fostaithe mar leabharchoimeádaí ar dhuganna Learphoill. Bhí sé ina bhall de chill d’Óglaigh na hÉireann a bhí ag feidhmiú i Learpholl. Le linn an ama seo, dódh na stórais chadáis go talamh i Learpholl. Gabhadh Charlie agus rinneadh é a imtheorannú.
Tar éis an chonartha, d’fhill Charlie agus a bhean ar Éirinn agus ghlac siad páirt sa chogadh cathartha ar thaobh na bPoblachtánach i gceantar Mhaigh Eo. Rinneadh Charlie a imtheorannú arís agus nuair a scaoileadh saor é, ní raibh sé in ann post múinteoireachta a fháil mar gheall ar a chúlra poblachtánach. Mar gheall ar a dtuairimí poblachtánacha agus frith-Bhreatanacha féin áfach, thug na Bráithre Críostaí post múinteoireachta dó i gceann dá scoileanna i mBaile Átha Cliath.
De bharr go raibh sé ar stailc ocrais faoi dhó rinneadh dochar dó ina shláinte agus b’éigean do Charlie éirí as an mhúinteoireacht sna 1930idí. Bhí a bhean ag múineadh, áfach, ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin.
Fuair Charlie Barrett bás i mBaile Átha Cliath i 1979.
Beathaisnéis curtha ar fáil ag Tony Gallagher, An Caol do Scoil Acla 2010
Charlie Barrett – 1887 – 1979
Rugadh Claude Albert Chavasse in Oxford ar an 2 Aibreán 1885. Ba é Albert Sydney Chavasse a athair, a bhí ina Ollamh le Clasaicí agus ina Chomhalta de Choláiste na hOllscoile, Oxford. Tá an chuma ar an scéal go raibh suim ag Claude i gcultúr na hÉireann ó aois óg. Is cosúil gur shíormhac léinn é- chuaigh sé go Oxford i 1903 ach níor bhailigh sé a chéim go dtí 1909. Bhí sé fós ar chlár na hollscoile i 1916. Tháinig a dheirfiúr Marguerite Chavasse go hAcaill chun Scoil Lása a bhunú sa Chaol. Bheartaigh Claude ar chuairt a thabhairt ar Acaill agus bhí baint aige le heagrú Scoil Acla ansin.
I 1917 bhuail sé le Moirin Fox agus pósadh iad sa bhliain chéanna. Scríbhneoir ab ea Moirin a scríobh beathaisnéis Terence McSwiney, Méara Chorcaí ina dhiaidh sin. Bhí iníon amháin acu darbh ainm Aebhgreine.
I 1925 bhí Chavasse ina rúnaí ar chraobh Chnoc na Cathrach de Chonradh na Gaeilge i nGaillimh. Bhí clú agus cáil bainte amach aige ar fud na cathrach mar gheall ar na héadaí a chaith sé- filleadh beag agus clóca cróchbhuí. Gaeilgeoir ab ea é agus dhiúltaigh sé Béarla a labhairt. Am amháin agus é i gCorcaigh, ghearr cúirt i Maigh Chromtha fíneáil £5 air as Gaeilge a labhairt le constábla póilíneachta. Seachas an fhíneáil a íoc, chaith sé dhá oíche sa phríosún. Toghadh é mar ionadaí na Gaillimhe do Shinn Féin ag an Ard Fheis i 1949 faoin ainm Cluade de Ceabhasa.
Tá sé curtha i Reilig Chill Chuimín, Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe.
Colm Ó Lochlainn | 1892-1972
William Gerard O ' Loughlin a rugadh i mbaile átha Cliath ar an 11 deireadh fómhair 1892. A athair John O ' Loughlin a bhí ag taisteal ionadaí díolacháin do chomhlacht priontála. A mháthair a bhí Delia (Bridget) Carr ó Chathair Luimnigh a bhfuil a teaghlach a bhí saibhir agus an gnó priontáil. Colm a bhí ar cheann de sheisear leanaí a rugadh ach amháin ceithre cinn a tháinig slán. Colm ar an oideachas mar thoradh air go dtí an Spiorad Naomh Aithreacha i St Mary ' s College agus ina dhiaidh sin bhí sé ina mhúinteoir i Scoil Éanna. Cé go bhfuil teagasc tá sé cáilithe le BA ó UCD. Bhí sé ina chúntóir i Roinn na Gaeilge i UCD agus bheadh sé léacht ar Ghaelach Staidéir go minic.
Cé go raibh sé an-suim i na Héireann ar an am sin ní raibh sé a thabhairt ar a lán díograis a 'chúis'. D ' fhan sé dírithe ar Gaelic-Staidéir, a mhúin sé agus ag léachtóireacht ach dhiúltaigh steadfastly chun seasamh don Dáil in ainneoin a bheith d ' iarr chun é sin a dhéanamh ag páirtithe polaitíochta éagsúla.
Bhí sé an-mhaith píobaire. Bheadh sé cuairt Seamus Ennis Snr uair sa tseachtain agus sa tuairisceán in ionad bheadh sé a mhúineadh Seamus Héireann.
Bhí sé ina leas an domhain sa Sean Nóis agus a chuid cuideachta foilsitheoireachta, Trí Coinnle Phreas Clódóireachta, a foilsíodh go leor le bailiúcháin na Héireann agus Bhailéid. Bhí baint aige leis na healaíona agus a bhí bainteach le Scoil Acla.
Bhí sé pósta le Ailish McInerney ó Bhré Co. Chill mhantáin, a bhí siad ceithre teaghlaigh, beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Colm a fuair bás ar an 26ú Bealtaine 1972.
Darrell Figgis | 1882-1925
Darrell Figgis a bhí a rugadh i ráth Maonais, baile átha Cliath, ach a chaith an chéad 10 blianta a óige i Calcúta san India áit a bhfuil a athair ag obair mar ghníomhaire san tae gnó.
Mar óg fear a d ' oibrigh sé i Londain ag an tae bróicéireachta atá ar úinéireacht ag a uncail agus bhí sé ag an am seo a thosaigh sé a fhorbairt a chuid spéise sa litríocht agus critic liteartha. Bhog sé go dtí Oileán Acla a scríobh agus foghlaim An ghaeilge ag an Scoil Acla Scoil samhraidh agus a fháil tuiscint ar chultúr na Héireann.
Figgis a bhí ina fhile agus sa bhliain 1910 a thosaigh sé ar an Dent cuideachta foilsitheoireachta. Mar sin féin, tar éis a choinneála tar éis Éirí amach na Cásca, sé féin agus an teach foilsitheoireachta 'parted chuideachta'. Ina dhiaidh sin bhunaigh sé a chuid féin a fhoilsiú gnólacht.
Figgis chuaigh óglaigh na Héireann i mbaile átha Cliath i 1913 agus d ' eagraigh an bunaidh Cathlán de oibrithe Deonacha in Acaill. Cé gur i Londain, a bhí sé páirteach le grúpa gunna runners a mhaoiniú agus a sholáthar gearmáinis raidhfilí chun na hoibrithe Deonacha.
Cé go bhfuil nach raibh sé páirt a ghlacadh in Éirí amach na Cásca 1916, Figgis a bhí a gabhadh agus a imtheorannú ag na húdaráis na Breataine idir 1916 agus 1917 i Léamh Príosún. Tar éis a scaoileadh saor, Figgis d ' fhill ar Éirinn. Ag an 1917 Sinn féin Ardfheis toghadh é ina Rúnaí Oinigh de Shinn féin. I mí na Bealtaine 1918, Figgis a bhí a gabhadh le haghaidh a líomhnaítear páirt sa spurious gearmáinis Plota agus díbríodh go Sasana. I 1918, bhí sé mar eagarthóir ar an nuachtán An Phoblacht.
I 1922 Figgis a bhí ina bhall de Shinn féin Ard-Chomhairle Feidhmiúcháin Náisiúnta. Bhí sé a dhíbirt as an páirtí ag an am seo chun freastal ar chruinniú ar an Aontas na Feirmeoirí agus iad a spreagadh chun tacú leis an Angla-Éireannach Conradh. Tar éis seo, ionsaí ar Darrell Figgis bhí ar siúl ag a bhaile i láthair, a bhean chéile Millie.
Sa bhliain 1924, Figgis' bhean chéile Millie thóg uirthi féin an saol, bliain ina dhiaidh sin tharla an bás of a grá nua, Rita Thuaidh. Figgis féin tiomanta féinmharú i Londain ach seachtain tar éis fianaise a thabhairt ag an ionchoisne i Rita bás. Tá sé curtha in Iarthar Hampstead Reilig, Londain.
Domhnall Ua Ríoghbhardáin | 1888-1935
Rugadh Domhnall Ua Ríoghbhardáin i mBealach Beithe, Co. Luimnigh ar 16 Lúnasa 1888. Ba iad Denis Riordan agus Mary Brosnahan a thuismitheoirí. Bhain Domhnall céim amach ó choláiste oiliúna múinteoirí De la Salle i bPort Láirge. Ba san Aonach, Co. Thiobraid Árann a bhí a chéad phost múinteoireachta agus ní ba dhéanaí, ghlac sé le post mar mhúinteoir bunscoile i Méaraí, Óran Mór, Co. na Gaillimhe.
Le linn a bhlianta tosaigh in Órán Mór, bhuail sé leis an bhean a phósfadh sé, Katie Burke. Ceapadh Katie, arbh as Cathair na Gaillimhe ó dhúchas í, ina Múinteoir Náisiúnta i dTeamhain i 1906, áit atá cúpla míle ó shráidbhaile Mhéaraí. Phós siad ar 22 Bealtaine 1915 agus thóg siad seachtar clainne. Oirníodh Colm ina Íosánach i 1949 agus chaith sé breis is daichead bliain ina mhisinéir sa tSaimbia. Bhí Breandán, an duine is óige sa teaghlach, atá ina chónaí anois i gCo. Chill Mhantáin, ina Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann agus d’éirigh sé as an bpost sin i 1988. Bhí Gearóid ina Sháirsint sa Gharda Síochána. Bhí Seán, Teresa agus Caitlín singil ar feadh a saoil agus fuair Domhnall Óg bás go tragóideach i 1947. Phós Gearóid agus Breandán agus bhí seachtar agus ceathrar clainne acu faoi seach.
Ba Ghaeilgeoir, ceoltóir, amhránaí, damhsóir agus eagarthóir Gaeilge é Domhnall Ua Ríoghbhardáin O.S. Sheinn sé na píobaí uilleann ag bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge. Bhí an-suim aige sa dúlra agus sa ghrianghrafadóireacht – rinne sé a chuid ghrianghraif féin a réaladh. D’imir sé iománaíocht agus é ag staidéar i gColáiste De La Salle, Co. na Gaillimhe.
Le linn dó a bheith i Méaraí thug sé ranganna Gaeilge do mhúinteoirí agus do dhaltaí le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Bhí baint ag Domhnall agus a bhean chéile Katie leis an Scoil Samhraidh Ghaeilge i dTeamhain a osclaíodh i 1909. Bhí Domhnall ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Acla. Sna 1920idí bhí baint ag Domhnall le Coláiste Mhic Phiarais i nGaillimh agus bhí sé ina eagarthóir cúnta ar Fuaim na Mara.
I 1928 bhí Domhnall ina bhall den choiste a bhunaigh Amharclann na Gaeilge i nGaillimh ar a dtugtar Taibhdhearc na Gaillimhe. Cheiliúir an compántas drámaíochta 75 bliain ar an bhfód in 2003. D’aistrigh Domhnall ‘The Rising of the Moon’ le Lady Gregory agus ‘Riders to the Sea’ le J.M Synge. D’fhan Domhnall Ua Ríoghbhardáin ag múineadh i Méaraí go bhfuair sé bás anabaí tar éis tinnis fhada i 1935. Tá sé curtha i Reilig Nua an Bhóthair Mhóir, Cathair na Gaillimhe.
Ullmhaithe ag an Ó Ríordáin teaghlaigh le haghaidh Scoil Acla i mí iúil 2010
Eva O'Flaherty | 1874-1963
Eva O 'Flaherty a d' fhás suas i measc na seoirsis splendour de Lisdonagh Teach, ar bhruacha na Loch Hacket i Caherlistane, Co. na Gaillimhe, ach a teach a bhí an iargúlta ar Oileán Acla. Bhí sí an-tionchar agus dea-oilte bhean le domhain paisean le haghaidh gach rud Gaeilge agus cultúrtha.
Murab ionann agus an bunaitheoir eile baill de Scoil Acla, Iníon O 'Flaherty d' fhan ar an oileán. An Scoil Acla Halla tógtha ag Bean Weddall tugadh Eva agus bhunaigh sí an Naomh Colmans Tionscal Cniotála i Dooagh. Ó bunaíodh é i ar fud 1912, St Colman 's go tapa a fhorbairt fairsing gcustaiméirí ó gach cearn d' Éirinn, ag soláthar fostaíochta ag teastáil go géar do na mná ar Acaill. Na mná cniotáilte faisean ard-éadaí, mar shampla cliste oireann agus cúpla-leagtar, a bhí a dhíoltar leis Brown Thomas agus Arnotts, Sloweys agus Switzer, chomh maith á n-onnmhairiú ar fud an domhain.
Acaill ag an am sin an chuma a mhealladh go léir an maith ar a dtugtar 'movers agus croitheadóirí' a bhí siamsaíocht ar fáil ag an Iníon O ' Flaherty. Go leor de na h leor cairde agus lucht aitheantais san áireamh WB Yeats, Paul Henry, George Moore, Marie Howet, Graham Greene, Heinrich Boll, Constance Markievicz, Douglas Hyde, Pádraig agus Liam mac Piarais, Cairdinéal Dalton, Paul Henry, George Russell agus an Dr Kathleen Lynn cuairt ar léi ar Acaill agus d ' fhan siad i dteagmháil tríd na blianta.
Tá sí fós cuimhne fondly sa cheantar chomh diana ach ar bhean cóir a bheith ag obair le haghaidh. Choinnigh sí an-i bhfad chun í féin ach bhí sé ar ndóigh ar eolas go maith i measc a bpiaraí. A shaol sular tháinig sí chun Achills bhruacha comhdhéanta de oideachas á chur orthu sa dá Mount Anvil agus Alexandra Coláistí i mbaile átha Cliath, agus ina dhiaidh sin saothrú gairme sa haitéireacht, sa dá Londain agus i Bpáras, sular lonnaigh in Acaill.
Eva fuair bás i 1963 agus é curtha i O ' Flaherty teaghlaigh lusca sa reilig de Donaghpatrick, Caherlistrane Co.Na gaillimhe
Emily Weddall | 1867-1952
Rugadh Emily Annabella Maynard Burke in Éadan Doire Co. Uíbh Fhailí. Ba í an tríú hiníon ag an Mhinistéir William John Burke, Eaglais na hÉireann, agus ag Emily McArthur as Ard Ghlas, Co. an Dúin. D’fhreastail sí ar scoil i mBaile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin cháiligh sí mar altra agus d’oibrigh sí in ospidéal Sir Patrick Dun. Bhog sí go dtí an Rúis, áit a d’fhostaigh teaghlach saibhir í chun cabhrú le leanaí faoi mhíbhuntáiste. Théadh an teaghlach seo ar saoire sa Fhrainc agus thugadh siad Emily leo. Is ann a d’éirigh sí líofa sa Fhraincis.
Phós sí an captaen loinge Edward Weddall a bhí 20 bliain níos sine ná í. Nuair a chuaigh sé ar scor bhog siad go hAcaill agus cheannaigh siad seanteach scoile. Thug sí aire dá fear céile go dtí go bhfuair sé bás. D’fhostaigh sí an dealbhóir William Pearse (deartháir le Pádraig Mac Piarais) chun cros Cheilteach dhéanamh d’uaigh a fir chéile. Chuir pobal Eaglais na hÉireann in aghaidh an chros a chur suas sa reilig, ach tar éis di bagairt a dhéanamh na hiarsmaí a dhí-adhlacadh, fuair sí a hachainí.
Ba in Acaill a cothaíodh a grá don Ghaeilge. Bhí sí ina huachtarán ar Chraobh Gráinne Mhaol de Chonradh na Gaeilge in Acaill agus bhunaigh sí Scoil Acla. Cheannaigh sí talamh agus thóg sí Halla i nDumha Acha do Scoil Acla chun ranganna Gaeilge, céilithe, damhsa, drámaíochta agus staidéar ar chultúr na hÉireann a mhúineadh. I 1914 bhí Bean Weddall agus Darrell Figgis i láthair ag sochraid Diarmuid O’Donovan Rossa nuair a thug Pádraig Mac Piarais a oráid cháiliúil. Leag siad an chéad bhláthfhleasc ar an uaigh ‘Ó Acaill’- léiriú soiléir ar thábhacht na scoile ag an am sin.
Bhog sí go Leitir Móir i gConamara chun cabhrú le cóireáil a chur ar na daoine a raibh eitinn orthu. Mar gheall ar chruatan airgeadais sna 1920idí b’éigean di a teach a dhíol in Acaill agus bogadh go Baile Átha Cliath chun filleadh ar a gairm mar altra. Le linn an ama sin ar fad bhí sí ina feachtasóir láidir ar son chearta mhuintir dhúchais na hÉireann. Fuair sí bás ar an 24 Samhain 1952 agus tá sí curtha i láthair uaighe na bPoblachtach i Reilig Ghlas Naíon.
Tomás Ó Raghallaigh | 1883-1966
Rugadh Tomás Ó Raghallaigh i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe ar an 12 Bealtaine sa bhliain 1883. Ba é Seán Ó Raghallaigh a athair agus ba í Máire Ní Loideáin ón Spidéal a mháthair. Thóg siad teaghlach mór trí mheán na Gaeilge. Fuair sé a chuid oideachais sa bhunscoil i Maigh Cuilinn, agus chuaigh Ó Raghallaigh ar aghaidh go Coláiste Sheosaimh i nGaillimh agus ina dhiaidh sin go Coláiste Phádraig i mBaile Átha Cliath. Tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir, chaith sé tamall ag múineadh i mBaile Átha Cliath ach d’aistrigh sé uaidh sin go Ceatharlach agus as sin go hAcaill.
In Acaill, bhí sé ag múineadh i scoileanna náisiúnta Ghob an Choire, Sháile, Dhumha Acha agus Dhumha Cinn Aille. Ba le linn an ama seo in Acaill a chabhraigh sé le Scoil Acla a bhunú, an scoil samhraidh a d’ainmnigh sé féin. Agus é ag múineadh in Acaill bhuail sé lena bhean chéile Máire Sineád Ní Challanáin, ar mhúinteoir í freisin agus thóg siad cúigear clainne le chéile. I 1911, rinneadh “muinteoir taistil” de ar fud Mhaigh Eo. D’oibrigh sé ina dhiaidh sin ina chontae dúchais- mhúin sé i Scoil Iosaif Naofa agus mhúin a bhean sa Chladach. D’fhreastail Ó Raghaillaigh ar UCG agus bhain sé BA. MA agus Ph.D. amach. Bhí sé ina ollamh i dTuar Mhic Éadaigh, i gColáiste an Phiarsaigh, i Ros Muc agus i gColáiste Chonnacht sa Spidéal. Thug sé léachtaí freisin i gColáiste na hOllscoile Gaillimh chomh maith le bheith ina scrúdaitheoir seachtrach le Gaeilge d’Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Fuair sé bás ar an 26 Eanáir 1966 agus tá sé curtha i nGaillimh.